Is códóirí, dearthóirí, agus ealaíontóirí sinn atá lonnaithe i mBéal Feirste 7 a bhaineann úsáid as teicneolaíocht dhigiteach le cluichí, suíomhanna, apanna, brandáil, suiteálacha agus ceol a chruthú.
Cuirmid sain-fhoirne le chéile do chuile thogra a thugaimid faoi, agus oibrímid go logánta agus ar fud na tire 's na cruinne
mar shain-bhreiseáin agus mar shain-chomhairleoirí do ghníomhaireachtaí dhearthóireachta agus mhargaíochta.
Faoi láthair tá an suíomhín punainne seo á thógáil again, ach féachaigí thíos ar chor-sheod ón ndeich mbliana seo caite nó mar sin.
Ionad léirithe ilteangach idirghníomhach mórscála do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich. Caibinéidí cluichíochta, consóil, comhéadain úsaideora ar mhór-scáileáin. SEOLADH 23.09.11
LÍON/OIDEACHAS: Le haghaigh Burns Jones Education, chruthaigh Ciarán 7 Steven foilsitheoir d'irisleabhar ar líne agus uirlis lín dúnta do scoileanna i Londain Thiar.